Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 312
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach san oighean é go mbéadh sé deánta. Nuair a bhíodh sé deánta thógadh siad amach é.
II
Gníthear an bocstaí agus arán préataí go fóill. Oidhean an t-ainm atá ar árus an aráin. Cuirtear cros ar bharr an chiste. Ní glacann sé oiread ama le na dheánamh nuair a bhíos cros ar a bhárr as a ghlacann sé nuair nach mbíonn cros air. Gnídheadh siad arán mhin-choirce nó arán mhin-cruaidheamhail fad o shoin fosta.
II
An Dóigh a Gnídheadh siad é.
Ar dtús geibheadh siad báisín agus cuireadh siad gráinín mhin-choirce isteach ann. Annsin chuireadh gráinín siúcra isteach leis agus mheasgadh siad an dá rud le céile. Gheibheadh siad pandaí de uisge te agus mheasgadh siad mhin-coirce agus an t-uisge le chéile. Nuair a bhíodh cineál de liathróid deánta d’en mhin thógadh siad amach ar an tábla é. Annsin bhíodh siad ag a bháchail go cionn tamaill. Bhruigheadh siad amach annsin é go ndeánadh siad bonnóg ceárnógach dó. Annsin gheibheadh siad gráinín phlúir agus cuimileochadh siad gráinín de ar gach taobh d’en bhonnoig. D’fágadh siad annsin é go mbíodh sé righin go leor le greim a fhághail air le na thabhairt anonn go dtí an t-iarann a bhíodh na seasamh ag an teinidh. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní hAsgáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall