Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 152
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí baicle mhór cruinnighthe i dteach oidhche amháin fad ó shoin agus iad ag cainnt ar thaibhsí agus ar uaigneas. Bhí fear amháin ann a dubhairt nach rabh eagla air-sean roimh thaibhsí..”
(ar lean ón leathanach roimhe)é ag glaoidh os árd; “Is liom-sa an ceann sin; Sin mo ceann-sa; Is liom-sa an ceann sin agus RI”
Chaith an fear an ceann fhad leis agus phill sé ‘na roilige agus thoisigh a thochailt arais féacail an bhfuigheadh sé cloigeann eile. Fuair, agus d’imthigh leis ag tarraingt ar an teach. Nuair a bhí sé ag teacht comhgarach do’n teach, tháinig fear an bhraithlín roimhe arais agus é ag sgairtigh:
“Sin mo cheann-sa; Is liom-sa an ceann sin; Sin mo cheann-sa agus RI”.
Chaith sé an ceann chuige agus phill ‘na roilig arais. Romhar sé agus thochail sé go bhfuair sé cloigeann eile agus nuair a bhí sé ag tarraingt comhgarach do’n teach tháinig fear an bhraithlín roimhe arais agus é ag glaoidh os árd:
“Is liom-sa an ceann-sin; Sin mo cheann-sa; Is liom-sa an ceann-sin”
Dubhairt an fear leis: “Ar ndóiche, ní trí cinn a dhith ort”.
D’imthigh an fear ag reathuidhe isteach ‘un toighe, chaith sé an ceann ar an tábla agus dubhairt, “Sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giolla Chearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall