Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 179
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí Muire agus a Mac amuigh ag cruinniú déirce lá amháin. Bhí siad ag siubhal leó agus fa dheireadh tháinig siad fhad le teach beag. Chuaidh siad isteach ann agus d'iarr siad lóistín.”
Bhí Muire agus a Mac amuigh ag cruinniú déirce lá amháin. Bhí siad ag siubhal leó agus fa dheireadh tháinig siad fhad le teach beag. Chuaidh siad isteach ann agus d'iarr siad lóistín. Dubhairt bean a’ toighe go dtabhairfeadh sí lóistín dóbhtha ‘siud a’s go rabh siad an-bhocht agus nach dtiocfadh leobhtha morán níos mó nó dídean an toighe a thabhairt dóbhtha. Nuair a tháinig am codlata chuaidh sí a luighe agus ar maidín lá thar na bhárach nuair a bhí siad ag imtheacht thionntuigh Muire thart agus dubhairt sí go mbéadh siad ag eirighe saidhbhir gach lá ó seo amach. Sa deireadh d’éirigh siad comh saidhbhir a’s gur thóg siad caisleán. Tháinig sean lanamhain thart agus thug lucht an chaisleáin a sean arús dóbhtha.
Bliadhain ó’n am sin, tháinig Muire agus a Mac thart arís agus bhuail siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall