Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 240
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ar an bhaile s'againne fhad ó shoin agus bhí sé ag tarraingt ar an bhaile le tuitim na h-oidhche agus beathadhach agus cárr leis. Caidé chonnaic sé roimhe ar an bhealach mhór ach préata...”
Bhí fear ar an bhaile s'againne fhad ó shoin agus bhí sé ag tarraingt ar an bhaile le tuitim na h-oidhche agus beathadhach agus cárr leis. Caidé chonnaic sé roimhe ar an bhealach mhór ach préata, agus cluineadh sé na sean daoine i gcomnuidhe a rád, dá gcastaidhe préata i mbealach duine gur cheart dó a thóhail. Thóg seisean an préata agus chaith sé isteach ar leabaidh an cháirr é. bhí sé fhéin ag siubhal ag ceann an bheathadhaigh agus greim aige ar an srian.
I gcionn tamaill thug sé thart a shuil ar leabhaidh an cháirr ag tcíor do ar dhóigh eighinteacht gur éirigh an préata níos mó. Shiubhal leis agus indiaidh tamaill d’amharc sé ar leabaidh an cháirr arais agus bhí an - mhéid ‘sa phréata. Chuaidh sé ar aghaidh giota eile agus nuair a d’amharc sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Dún Allt, Co. Dhún na nGall