Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 276
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí Rí ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Thug sé cuairt ar Easbog uair éigin agus dubhairt sé leis "muna dtiocfadh leis trí ceisteanna a fhuasgladh in a leitheid seo d'am go gcaillfeadh sé a cheann.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Nach saoileann tú go bhfuil an ceist sin fuasgailte agam?
    “Tá cinnte”, arsa’n Rí
    3. “Caidé’n rud a shaoilfeadh duine dó, agus é a bheith meallta air ‘na dhiaidh sin?”
    “Innseóchaidh mé sin duit. Saoileann tusa gur mise an t-Easbog”
    “Saoileann cinnte” arsa’n Rí.
    “Bhal, tá tú meallta” ar seisean.
    “Ní mé an t-Easbog ach is mé an t-aodhaire atá aige”.
    Leigeadh cead na coise leis an t-aodhaire agus phill sé ‘na bhaile. Nuair a chonnaic an t-Easbog é ag teacht bhí sé thar na chúirse siocair go gcaithfeadh sé é fhéin agus a bhean agus a chlann a chonhbhail suas fhad a’s bheadh siad beó.
    Ach olc a’s mar bhí an cás, tchidhtear dó gur bh’feárr go mór é nó a cheann a chailleadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0922: The Shepherd Substituting for the Priest Answers the King's Questions
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Dún Allt, Co. Dhún na nGall