Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag an té a chuaigh 'un comhraic léithe.
Anois,bhí cú ag an Bhaoghlach a raibh cos nimhe aice agus chaithfeadh sé an chos seo a choinneáil clúdaithe ar fad nó rud ar bith a dtiocfadh an chos nimhe air, bhí sé marbh.
Chruinnigh muintir an tSealgáin agus na ndúthaigh thart fá dtaobh de an lá seo leis an troid a fheiceáil. B'fhada roimhe seo ó chuir aonduine acu ceann nó cos taobh amuigh den doras ar eagla roimh an phéist.
Tháinig an Baoghlach ina chóiste ceithre beathach agus a chú nimhe lena thaobh, bróg de leathar bhog ar an chois nimhe agus chuaigh síos fríd an seasgann.
An chéad choca chuir sé a chlaidheamh fríd ó thaobh go taobh ach ní raibh an phéist ann. Chuaigh sé fhad leis an darna ceann agus chuir a chlaidheamh fríd ach cha raibh sí ansin ach oiread. Chuaigh sé síos go bruach na locha ansin agus bhuail sé an t-uisce lena chlaidheamh. Bhí an cú ar a choiscéim leis ar fad.Ní luaithe bhuail sé an loch nó d'éirigh an phéist amach. Eascon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann