Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an neach sin a bhí istigh 'sa' chnáimh sin neart uisge go millfeadh sé Eire uilig. "Bhal, gheobhaidh sé sin" arsa Conán ag cathamh na cnáimhe isteach i loch a bhí taobh leis an choillidh.
Cupla lá in a dhiaidh sin cuireadh scéala fhad le Fionn go rabh an Pphéist a ba scáruightheach dá bhfacas ariamh ins an loch seo, go gcaithdeadh siad an oiread seo daoine a fhághail achan lá le hithe nó go millfeadh sí an domhan mór.
D'imigh Fionn agus na Fianna an méid a bhí in a gcoirp fhad leis an loch agus ní luaice ann iad no thóg sí a ceann. B'é sin an radharc a ba scáruigthe a fuair na Fianna ariamh - péist mhillteanach, ceann sean chaillige uirri. Gruaig ar a ceann mar muing chapaill, cnaos innti a shlogfadh Éire uilig agus cneacann mar iarann uirri. Cuid de na Fiannaibh is óige, chúlaigh siad ach chuaidh Fionn agus Goll, Oscar agus Oisin 'un tosaigh. Bhí Fionn agus Goll ar taoibh amhain agus Oscar agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann