Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 303
- XML “Scéal Eile Fiannaíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seanduine.
"Bhal", arsa an seanduine,"'sí an Óige an cailín sin. 'Sé an Saoghal an reithe sin , agus 'sé an Bás an créatúr sin a bhí ag an teinidh. Bíonn an Óige ag achan duine agus is beag a shaoileann siad di. Gheibh a' Bás i gcomhnuidhe buaidh ar an Saoghal.
Dubhairt an seanduine annsin athchuinge ar bith dá niarrfadh Fionn go dtiocfadh leisean é a thabhairt dó. Bhí an- droch bholadh ar anál Fhinn agus d'iarr sé ar an seanduine boladh na húire a bhaint d'anál.Ba é an athchuinge a d'iarr Conán neart fir a bheith in achan ribe gruuaige ina cheann agus ó sin amach chaithfeadh siad an ghruaig a chongbhail ó fás air. Ba é an athchuinge a d'iarr Diarmuid, bean ar bith a ghlacfadh sé spéis innti tuitim in grádh leis agus ba hí an bhean a chuir sé spéis innti bean Fhinn agus d'éalaigh sí leis agus bhí na Fianna lá agus bliadhan ar a dtóir go bhfuair siad an bhean a bhaint uadh. Áit ar bith a luigh siad rith an ama sin bheirtear " leabaidh Dhiarmada" ar an áit. Ba hé seo an t-am fosda a dubhairt Fionn an seanfhocal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall