Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 306
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chormaic. Dálta achan chailín óg nach raibh amuigh go minic agus nach raibh aithne aici ar na Fiannaibh thoisigh sí ag cur ceist ar a' chuid eile cé iad féin.
"Cé hé an buachaill an-dóigheamhail sin?", arsa sise ag taisbeaint Dhiarmada.
"Sin Diarmuid Ó Duibhne," arsa siadsan.
" Cé hé sin?". " Sin Oisín.", " Sin Oscar" agus ins an deireadh d'fhiafruigh si " Cé hé an seanduine liath sin?"
"Sin Fionn", arsa siadsan agus thoisigh an seitreal agus an siosarnaigh.
Annsin d'fhiafruigh sí "Agus caidé thug Fionn agus na Fianna anseo anocht?
"Ó,", arsa na cailíní," an sin a bhfuil d'fhios agatsa? Nach bhfuil fhios agat gur le tusa a phósadh a tháinig Fionn annseo anocht."
Ní phósfaidh mé go bráth a leithéid", arsa Gráinne agus thoisigh sí ag caoineadh."Dá b'us gur Diarmuid nó Oisín a bheadh le pósadh agam ach an seanduine críonna caithte sin" agus tháinig rabharta feirge uirri. Anois, ba hí ingean an ríogh i gcomhnuidhe a bhéarfadh an deoch dheireanach ag cuirm agus ba an deoch ab fhearr den iomlán í nó chuirti spiosraí ins(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall