Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 308
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Diarmuid mála fraoich leis go Cill Chluainigh agus chodlaigh ar an mála an oidhche sin. Chogaim Fionn a ordóg arís agus dubhairt gur ar Charn a' Mhaoin a bhí siad agus mhair siad mar sin go dtí lá amháin chodlaigh siad ro-fhada agus tháinig an oidhche orra ag Cill Riain agus rinne siad a leabaidh annsin. Tháinig an tóir orra agus beireadh orra ar chnoc i gConnacht. Baineadh moill astu ag troid le torc agus loiteadh Diarmuid comh mór sin go raibh sé a' saoradh an bháis nuair a tháinig Fionn fhad leis.
Bhí buaidh ag Fionn dá dtabharfadh sé deoch uisge ghlan as boisibh a dhá láimh go duine ar bith a bheadh tinn go leisfeadh sé é.Nuair a tháinig sé fhad le Diarmuid d'iarr Diarmuid deoch air agus bhí Fionn ag tógbháil an uisge nuair a fuair sé amharc ar Ghráinne agus leig sé de'n uisge tuitim eadar a mhéara. D'iarr Diarmuid an deoch athuair agus nuair a bhí Fionn dá thógbhail athuair fuair sé amharc eile ar Ghráinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall