Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bruaghfhear ann darbh ainm Baoghlach na Crannóige Buidhe agus bhí caisleán mór aige. Lá amháin amuigh ag seilg casadh síogaidhe air agus bhuail siad 'un comhráidh seal mór fada. D'iarr an Baoghlach air teacht 'un caisleáin an oidhche sin, rud a rinne. Tugadh an seomra is fearr sa chaisleán dó agus hinnseadh dó an seomra a chonbhail fhad agus d'fhanfadh sé.
D'fhan an síogaidhe bunadhas bliadhna. Theidheadh sé amach achan lá agus thigeadh sé isteach tráthnóna agus uchtán cipíní chulainn leis. Chaithfeadh sé an oidhche ag cur barr orra le saighdí a dhéanamh fá choinne scaoileadh as a bhogha.
Bhí bruaghfhear eile 'sa taoibh eile de'n tír.Mac Suibhne ab ainm dó agus lá amháin tháinig an Suibhneach agus arm leis go dtearn creach millteanach ar an Bhaoghlach. Thug sé leis a chuid eallach, capall, caorach agus achan seort a casadh air.
Nuair a d'imigh sé agus na creacha leis chuaidh an Baoghlach fhad leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall