Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 314
- XML “Scéal an Tairbh Bhric”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí agus bainrioghan ann uair amháin agus tháinig ar an mhnaoi go bhfuair sí bás. Phós an rí arís. Bhí mac amháin aige leis an chéad mhnaoi agus bhí triúr inghean aige leis an darna mhnaoi. Bhí sí ag tabhairt togha gach bidh agus dighe dó a cuid inghean ach ní raibh sí ach ag tabhairt lighe na leice do'n ghasúr.
'Sí'n obair a bhí ag an ghasúr buachailleacht bó agus bhí tarbh breac fríd na buaibh a bheireadh tráth bidh achan lá do'n ghasúr. Sin a' rud a bhí a' tabhairt bisiú comh maith agus bhí sé.
Shonnruigh an leasmháthair seo agus chuaidh sí fhad le Sean Dall Glic. 'Sé'n comhairle a thug an Dall di na triúr inghean a chur amach ar a seal a' buachailleacht le cuidiú leis go bhfeicfeadh siad caidé'n rud a bhí an gasúr ag fághail. Chuir sí amach an inghean a ba shine an chéad lá lena choimhead, acht ní críonna an cat nó an coimheadach. D'aithinn an gasúr go raibh sí da choimhead agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conn Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bheathaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall