Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Am amháin bhí Dálach ag dul a dhéanamh caisleáin agus ba mhaith leis an caisleán seo a bheith i bhfad níos deise ná caisleán ar bith dá raibh in Éirinn.
Sular thoisigh sé tháinig bean fhad leis agus dubhairt sí go gcuirfeadh sise trí shaoir fhad leis a dhéanfadh an cineál caisleáin a bhí a dhíth air ach go gcaithfeadh sé fáilte a chur rompa achan lá. Seo an fhálte:"Coiscéim chorrach ar chlochán
Coiscéim fhada ar fhéar
Siúl an chamáin réabhaidh
'Sé bhur mbeatha mar aon fhear." Tháinig na saorai agus bhí fear as Sasain aige fosda.Nuair a bhí an caisleán déanta sháith an Sasanach torr i mbárr plainnc mhóir a bhí 'na sheasamh amach os cionn an chaisleáin agus chuir sé an Dálach faoi gheasaibh an torr a tharraingt. Tháinig an síogaidhe amach agus sháith sé an torr i mbarr an phlainnc agus chuir sé an Sasanach faoi gheasa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann