Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “An Fear nár Crochadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a phríosúin é a leigint amach, go bhfeicfeadh sé a bhean agus a pháisdí le slán a fhágáil aca.
    Ghlac uachtarán an phríosúin truaigh dó ach dubhairt sé leis mara dtigfeadh sé arais go gcrochfaidhe eisean ina áit. Sgaoileadh leis indiaidh geallta go dtiocfadh sé arais.
    Ar a bhealach 'na bhaile dó chaithfeadh sé dhul thart ag caisleán an tseanduine agus smaointigh sé gur bh'ionann 'sa' chás dó coir eighinteacht a bheith déanta aige nó go rabhthas a dhul dá chrochadh is cuma ciaca.
    Chuaidh sé isteach go dtín leabaidh agus is maith a bhí fhios aige cá raibh an t-airgead istigh in diallaid faoi an leabaidh, tharraing aniar an diallaid agus thug leis an sparán agus as go brách leis.
    Shín sé an t-airgead chuig na mnaoi agus deir sé" Ná leig dadaidh ort féin agus shéanfaidh seo maith beag duit."
    Cá bhfuil na páisdi go bhfágfaidh mé slán aca agus agat féin nó tá mé le crochadh i mbárach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ua Braonáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall