Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 349
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shiubhal an t-iomlán trasna na sléibhte fríd na coilltibh, síos na gleannta agus fríd an uisge, giota ar bhóthar, giota ón bhóthar, go dtí sa deireadh chonnaic siad uabhtha cathair mhór álainn 'na seasamh i dtír choimhthigh.
" An aithnigheann tú an tír seo?", arsa an ceannphort le Séamus." " Maise, cha naithnighim', arsa Séamus. "Seo an Spáinn,"arsa an ceannphort. " Is amhlaidh is feárr é", arsa Séamus, " nó tá fear uasal 'na chomhnuidhe i ndeas domhsa agus is minic a chualaidh mé a' rádh gur mhaith leis ádhbhar chulaith de éadach leathan Spáinneach, agus ó tharlaidh mé annseo gheobhaidh mé dó é"
Is deas an ádhbhar gáire a bheidheas aca thusa atá comh bratógach salach agus tá tú ag dul a cheannacht adhbhar culaith fir uasail. D'amharc Séamus síos ar a chuid ceirteach agus leoga an t-am a b'fhearr a bhí siad ní raibh siad ró-ghalánta ach anois indiaidh an rás féadaim sin fríd cnuic, sléibh, abhainn, gleann,míodún agus achan seort eile. Bhí siad stróctha, giobalach, salach agus gan dhá orlach le chéile. Is cuma liom fá mo chuid éadaigh, ceannóchaidh mé ádhbhar a'chulaith. Bhal, ó tharla go bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall