Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 377
- XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leo go hÉire.
Nuair a bhí siad ag teacht amach as na bádaibh chuir an chéad fhear ruadh a lámh ar ghualainn na mná agus léim agus ní fhuaras an darna hamharc orra. Chuair an darna fear a lámh ar a ghualainn thug léim agus ní bhfuaras an darna amharc air. Chuir an tríomhadh fear a lámh ar ghualainn na mná fosda agus léim agus ní bhfuaras an darna hamharc air ach oiread.
Bhí Mac Chonaill buadhartha nach bhfuair sé buidheachas féin tabhairt dóibh. Thug sé féin agus a bhean an t-ór agus airgead leo go pálas an ríogh.
Cuireadh an-fháilte rompa agus pógadh iad na céadtaí uair. Rinneadh sleágh agus féasta a mhair seacht mbliadhna. Bhí cuireadh speisialta ag Conall agus a mhnaoi 'na cuirme agus bhí togha bídh agus díghe ann agus níor mhothuigh siad go raibh na seacht mbliadhna caithte.
Mhair siad uilig go sona 'na dhiaidh sin.O Sheán Mac Gloinn, Loch Eirigh, .T.B.
R Ní B- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall