Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 392
- XML “Scéal Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhi bacach ag dul thart fuar fliuch agus costarnocht. Tcídh sé teach bréagh ar fhód an bhealaigh mhóir agus chuaidh sé isteach ag dréim le greim le hithe.
Nuair a tháinig sé fhad leis an doras ní raibh fáilte ar bith roimhe agus níor hiarradh air theacht isteach.
Bhí bean a' toighe ag déanamh réidh bidh agus mhothuigh seisean an boladh agus dubhairt sé;-
" Mothuighim boladh ach ní fheicim an biadh
Agus an té ghnidheas leithcheal nár bhfeicfidh sé Dia."D'imigh an bacach annsin nó cuireadh pota na feola i bhfolach air agus maireann an sean rádh sin ó shoin.
Torra amháin leis go raibh daoine níos fearr do na bochtaibh ar eagla roimh a mallacht.Ó Phroinnseas Ua Braonáin, An Sealgán.
R Ní B- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall