Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fáilte romhat a Mhuire Mhór
A Mháthair Shíorraidhe in a ndeachaidh ár gcabhar
A Mháthair Íosa, a réalt na maidne!
Is tú sgiath na mbocht, ár nanam chara.Is tú a thóg arís an bláth a thuit le hÁdhamh
Is mór na grása duit is tú a thóg an tUan a
shaoruigh sinn.
Anois agus in uair ár neaga linnTeannaidh chugainn, a shíothcháin Dé
Sgaoil na glais a cheanglochas mé
Fág greim do'n bhocht do'n dall i súil
A Mháthair muirneach Rí na nDúil
Dán Phaidir Eile
Is mé an créatúr bocht faoi ualach throm
Ar fhéad mo pheacaidh is aithreach liom
Adbhuighim Creideamh Dé go fíor
le sochar croidhe agus aithreachas cruaidh
Cois na Croiche guidhim suas,
Íosa ár dTighearna
guigh orainn anuas gach trócaire.ó Cháit Bean Mhac a Bháird, An Cuirrín , a fuair óna mháthair ( nach maireann) iad.
R Ní B- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Mhac a Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Curraoin, Co. Dhún na nGall