Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 426
- XML “Na Trí Comhairleacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí ann ach a mhac nach bhfacaidh sé ariamh. Léim an bheirt amach agus chuir siad an-fháilte roimhe. Ní thiocfadh leisean a shúla a bhaint as an mhac bhréagh a bhí aige.
Fá dheireadh b'éigin dó innse dóibh nach raibh a dhath leis indiaidh fhaid is bhí sé ar shiubhal, ach dubhairt sé gur tugadh na trí comhairliacha a b'fheárr dó a fuair sé ariamh agus go dtug an maighistreas beart beag dó.
D'fhosgail an bhean an beart agus thoisigh na guiniacha buidhe óir a tuitim amach. Chunntas siad iad agus sé chéad ghuiniacha a bhí ann. Shuidh siad go maidin agus le fáinne an lae cuireadh an fear óg fa choinne gach saghas bidh agus dighe. Ghléas siad féasta agus bhí am bréagh aca ó sin amach.