Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 72
- XML “Caisleán Dhún Ghleo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar maidin. Chaith an cailín óg an t-ámh ag amharc amach ar fhuinneóig an chaisleáin deánamh go bhfeicfeadh sí a mhuinntir ag pilleadh. le tuitim na h-oidhche, chonnaic sí eadar í féin as léas na toirteannaí dubha ar an uisge taobh istoigh de ceann Áranna. Coinnigh sé a súil ortha, agus níor bhfada go rabh fhios aici caidé bhí ionnta. Caidé bhí ionnta acht creachadoirí eile ag tarraingt isteach bratach an caisleán a ionsúghadh. Sgáirt sí ar na cailiní aimsire, agus d'innis daobhtha caide bhí ag teacht. Sgáirigh siad san agus bá é a mbaramhail nach rabh gach le deánamh aca act ealodh ar shiubhal 'un na gcnoc. Ní h-aontochadh an cailín leis an rún sin, no ba mhaith léithe an caisleán a cósnadh go dtigeadh a h-athair. Smaoitigh sí ar phleán. Las sí solus ann gach fhuinneóig agus rith sí chuig na fuinneógaí comh tiuigh gear as thiocfadh leithe, agus rinn sí féin agus na mná eile an oiread tormáin 'as thiocfadh leo. Bhí go maith go dtáinig na namaid isteach comgarach don cháisleán. Chonnaic siad solus ann fhuinneóg den chaisleán agus an gleó a bhí ag na mná istoigh dá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éilis Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Lios Saighead, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 36
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall