Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin cuir sé cumhdach de duilleogaí ar. Caith sé an spád ar an doras agus d’imthigh i bhfolach. Nuair a mothuigh an fhathach ar tormn rith sé amach agus a chlaideamh leis ina lámh. Rith sé isteach sa pholl agus bhrís sé a mhuinéal. Bhí Seaghan a amharc ar tuitim isteach. Rith sé, fuair greim ar ar claidheamh agus ghearr an ceann den fhathach. Cuaidh sé isteach sa Caisléan cuartughadh é agus fuair mála óir. Fuair sé greim ar an mhala cuir ar a druim é agus leis na bhaile. Tá Seaghan agus a mháthair saidhbhsir ón lá sin go dtí an lá indiu.
- An gasur freastala.
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí i na comhnuidhe leis fhéin i dteach bheag faoi’n cnoc. Smaointigh sé go bposadh sé agus pós. Seachtmhain na diaidh sin posad an lanamhain i dteach an pobhail. An oidhche sin bhí bainfhéis acu a mhair lá agus bliadhain agus ba fhearr an oidhche deireannach no an chead oidhche. Nuair a bhí se cupla bliadhain postá rugadh mac daobhtha lá amháin. Bhí siadiongantach curamhach fan gasúr seo. Bhí sé ag éirigh mhór do réir a chéile agus ba gnathach leis a gabhail amach ar an fhairrge le na athair san curach a bhí acu. Lá amháin bhí an bheirt acu ag gabhail síos ‘un a cladhaigh agus casad fear ortha. Labhair an bheirt leis agus nuair a bhí tamaill comhraid deantá acu d’fiafruigh an fear daobhtha a mbead fhios acu caide’n ait a geobhad sé buachaill óg le buachailleacht do. Smaointigh siad go cionn tamaill acht ni rabh fhios acu duine ar bith.- Bailitheoir
- Peadar Ó Dubtaigh
- Inscne
- Fireann