Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Leigheasanna
    I Leitir ‘ica Bháird annseo tá (duine) daoine fé léith a bhfuil léigheasanna ann. Tá fear ar an bhaile sin dairb ainm Clocbhaile. Cathal O Domhnaill ainm an fir sin agus tá leigheas aige dón Cait Brághaidh. Sé an dóigh a gnídh siad é nó. Théigeann na daoine a bhfuil an Cait Braghaidh orta chuig an duine seo. Ní thig leobhtha na rudaí a gnídhtear a innse no ma innsean ní bhfuig siad biseach. Trí huaire a théigeann siad indiaidh a cheile. An chead lá bheireann siad airgead gheal do.
    Tá léigheas ag ingineacha a rabh an sloinneadh ceadna ag an mháthair agus an áthair sula bpóstar iad. Sé an dóigh a gníd siad no a nanál a shéidead isteach imbéal an duine a bhfuil an “Galar Béil” air. Trí huaire ar feadh lá an t-am atá le é a léigheas. Corr uair déantar naoi nuaire indiaidh a chéile é. Páistí beaga tuairm as mí no beirt de aois a bhíonn an “Galar Béil” orta.
    Tá léigheas ag Cloinn Uí Cathail dón “Ruad”. Na daoine a bhfuil an “Ruad” ortha théigheann siad chuig duine de Cloinn Uí Cathail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian O Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann