Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 170
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí Micheál Ruaidh lá amháin ag gabail de mhónaidh.”
Bhí Micheál Ruaidh lá amhain ag gabail de mhónaidh. Tionntuigh sé cuid díthe agus chróig sé cuid eile dé. Idratha thrathnóna nuair a bhí a cuid oibre déanta aige, lión sé cliabh de sean-mhóin, chuir sé an cliabh ar a druim agus thug a aghaidh ar an bhaile. Bhí sé ag teannadh un toisigh go miotalach, acht sul a mothuigh sé, bhuail sé a ceann as a cosa in - éadan túrtóige agus thuit sé imbeál a cinn isteach san cabar. D’eirigh sé comh maith is tiochfadh leis d’fág an cliabh annsin agus d’imthigh leis chun a bhaile. Bhí Bríghidh a bhean ia a seasamh ag binn an toighe agus nuair a connaic sí é ag teacht, lán earbair ó bhun go bárr fhobair díthe tuitim i luigh leis an sgannrugadh a fuair sí.
“A Michéail na gcarad”, ar sise “caidé a d’éirigh duit”,
“O a bhean mhodhamhail”, arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donaidhe Liamh
- Inscne
- Fireann