Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 165
- XML “Póstaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Póstaidhthe
Níor misde b’féidir rud eiginteacht a rádh fa dtaobh dé
Ag cuartughadh no ag iarraidh ban
Súl a bpostar lánamhain anois bíonn siad luaidhthe le chéile roimh réidh, áit amháin bféidir cuid aca a póstar i ngan fhíos. Ní mar a gceadna a bhéadh an sgéal i bhfadh ó shoin. An té a rabh rún pósta age san am sin chaitheadh sé croidhe láidir a bhéith aige agus bruscar airgid le na cois. Bhí an biotáilte saor insan am sin agus d’óltaidhe níos mó de Ar ndóighe ní rabh galantar ar bith ag dul ins an thrath sin. Is minic nach mbíodh ach aon briste domnaigh agus aon léine amhain san cheanntar Ach ar bhainféis cuirthidhe morán bidh agus díghe chun caithte agus bhéadh seo piginn mhaith ar an lánamhain iad fhéin. Dhéanfaidh mé tracht anois ar thriúr a bhí ag dul a iarradh mná.
Bhí cúl ar an gealaig, agus bhí an oidshche gearr-dorcha nuair a cuaidh an triúr seo c’un an bhealaigh mhóir D’iarr fear amhain ar a chuid chomraduidhthe da gcasfaidh duine ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig P. Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann