Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Solais”
  4. XML “An Gasúr agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a darna oidhche agus an triomhadh oidhche agus ní eagla da laigheadh ar Shéan a gabhail fríd am ar bith san oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An gasúr agus an fathach.
    Bhí fear na comhnuidhe imbaile aon uair amháin agus bhí moran stuic aige. Comgarach do, bí fathach na comnuidhe agus bhí se na droch duine ag goid. Goid sé iomlán a bhfuair sé a cuid láime air. Goid sé iomlán stuic an fhir seo agus d’fág sé iongantach bocht e. I dtús an t-shamhraidh tháinic gasúr beag ar laithe saoire chuig an fhear agus bhí truaighe mór aige do’n fhear fán rud a d’éirigh do. Ní tiochfadh an fatach amach san lá ar cor ar bith agus smaointhigh an gasur beag ar phlean chun an fathach a cuir chun bhais.
    D’eirigh sé go han luach ar maidín tug leis piocaid sluaisaid agus srád agus tarraingt ar dúin an fathaigh. Thoisigh sé ag dhéanamh poll milltineach síos fríd ar talamh. Nuair a bhí an poll doimhin go leor cuir se se crainn ar a mullach agus annsin tug se leis a chuid uirlíse agus d’imthigh na bhaile.
    Ard thrathnóna tháinig sé aríst go dtí an dúin agus bhuail ag an doras. Chuir an fathach gliomh ar fhéin mar bhéad leaman craosach ann. Rith an gasúr an méidh a bhí ina chorp a gcúl claidhe. Rith sé ag tarraingt ar an gasúir ac faraor cén áit ar léim sé ac asteach san phoill a bhí déanta fa na choinne. Tug an gasúr léim rúide as cúl an c laidhe agus tháinic go dtí an áit a rabh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge