Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 175
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear thiar ar an Dumhaigh am amháin agus lá amháin bhí sé thíos ag an fhairrge. Bhí an lá seo iongantach doinneanach agus bhí sé ag ceangáilt bád. Conail Mhic a' Deora ar bh'ainm do'n fear seo.”
(ar lean ón leathanach roimhe)gan aon ghiota de a thabhairt do aon nduine.
Thoisigh na daoine beaga ag seinm ar fidil agus chuir an ceól codhladh ar Chonail. Ní rabh sé i bhfad i n-a chodhladh gur mhuscal sé. Nuair a mhuscal sé, bhí na daoine beaga amuigh ar oileán Glas agus iad ag sgáirtaidh leis. Dubhairt siad:- “Tá muid uilig ag gabhail ‘uig bainéis atá shíos ar na ropa. Tá muid ag gábhail a thabhairt ar shiubhal an bhean atá le posadh.
Cupla seachtmhain indiaidh seo, bhí iomrádh amuigh go bhfuair an bhean bás nach rabh pósta acht ceithre mí. Dubhairt an fear s’aicí nach deann sí lá maith o posadh í.
Cupla lá i n-a diaidh seo thug Conal giota tobac do fhear; agus nuair a mhusgail sé bhí paipéir faoi a “bhoustar” léigh sé é agus seo na focla a bhí air. “Thug tusa giota de thobac do” James John Waldy “agus níor chóir duit é a dheánamh. Gheall tú dúinne nach dtabhartha giota do dhuine ar bith”. “Gheobhaidh tú bás ar an ochtmhadh lá de Mí Lughnasa sín bliadhain ó’n lá indiú.
Theich an fear go hAlbain agus fuair sé bás go direach ar an lá a dubhairt na daoine beags.- Bailitheoir
- Nóra Ní Laodhóg
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Cháilín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall