Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 183
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean ann aon uair amháin. Bhí sí i n-a chomhnuidhe ar bhruach Loch-a-nure. Bhí triú paistí aici acht tháinig aicid ortha. Ní rabh bainne ar bith ag an bhean le tabhairt daobhtha.”
SgéalBhí bean ann aon uair amháin. Bhí sí i n-a chomhnuidhe ar bhruach loch-a-nure. Bhí tríur paistí aici acht tháinig aicid ortha. Ní rabh bainne ar bith ag an bhean le tabhairt daobhthe
Lá amháin bhí sí amuigh agus chonnaic sí bó mhór ag íthe léithe thart fá’n teach agus í ag sileadh an bhainne. Chuir sí isteach i agus bhlighe sí í agus chuir sí amach arís í. Thug sí an bhainne do na páistí.
Níor imthigh an bhó ar chor ar bith. D’fhan sí go rabh cúig gamhain aici. Lá amháin bhí teas mhór ann agus tháinig na ba uilig isteach ó’n chnoc agus iad ag rith.
Bheir fear an toighe ar an sguab agus bhuail sé an tsean bhó leis. Bhí oileán beag le feicéal amuigh ins an loch agus labhair guth isteach ó’n oilean ag rádh “Abhaile, Abhaile leat a bhó mhór na ngamhna”. D’imthigh na ba uilig ag snámh siar go dtí an oileán agus ní rabh braon bainne ag an bhean ó shoin.- Bailitheoir
- Nóra Ní Laodhóg
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siubhán Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Rosa, Co. Dhún na nGall