Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 185
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé iongantach bocht. Ní rabh duine ar bith aige acht é féin. Chaithfeadh sé a chuid a dhéanamh réidh.”
Sgéal a d'innis:-
1. Máire Ní Cnáimhsighe
2. Baile-na-Carraige Dubhearraidh
3. 17bl.
4 Feirmeóir BeagBhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé iongantach bocht. Ní raibh duine ar bith aige acht é féin. Caithfeadh sé a chuid a dhéanamh réidh.
Lá amháin smaoinigh sé gur deas an rud bád a bheith aige.
Lá ar na bharach d'imthigh sé amach go dtí an choill agus thosaigh sé a ghearradh na gcrann. Nuair a bhí shaith bainte aige d'imthigh sé 'un na baile. Annsin thoisigh sé ar an bád. AN oidhche sin bhí giota mór deánta aige. Chuaidh sé in-a luighe agus é sasta leis féin.
Lá ar na bhárach d'éirigh sé go luath. Chualaidh sé tormán mór amuigh. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé sluagh de dhaoine beaga agus casúir leobhtha agus ní raibh greim de'n bád le cheile aca. Ba iad na sídheógaí a bhi ionnta. Dubhairt siad leis gur leobhtha an t-adhmad agus gur bhfearr do é a fhágailt san áit a bhfuair sé é. Rinne an fear sin agus bhí ádh mhaith air ina dhiaidh.- Bailitheoir
- Nóra Ní Laodhóg
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na Carraige, Co. Dhún na nGall