Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Donn, Donn, eadar dhá ghleann. Nuair a bhogas donn, donn bogaidh an dhá ghleann:- Asal agus dhá chliabh orthaí.
Pota beag amuigh ilár na locha agus é líonta de chlocha bána :- Uibheacha na Casga
Tá sé sa t-siopa agus ní dhíoltar é Tá sé sa teinidh agus ní dóightear é Tá sé san abhainn agus ní bhaidhtear é? :- An ghrian.
Fear gaedhealach is éadach air, comh glas leis an fhéar is cuireann gach duine rud éigin in a bhéal : Bocsa leitreacha.
Mó chos ar an talamh mo cheann ins an spéir, mó ghéaga ar leathadh d’eanlaithe an aer? :- Crann.
Caidé siubhalfas agus a cheann sa talamh :- táirne.
Teigheann sé suas mar sneachta agus tigeann sé anuas már óir :- uibh.
Dhá ghé roimh gé. Dhá ghé indiaidh gé, gé eadar eadar dhá gé (ag) an mó gé a bhí ann ar fad? :- trí cinn.
Bhean bheag amuigh annseo sa díog cóta bán síoda uirtí faoi an piulce glas? :- Feagach.
Caide an crann is airde ins na flaitheas? :- (Cr) Deirce.(leanann ar an chéad leathanach eile)