Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seaghan na Luath BuidheBhí baintreabhach ann fad ó shoin agus ní raibh aici ach aon mhac amháin agus ba' é an t-ainm a bhí air Seaghan, ach bhaist na cómharsanaí Seaghan na luath buidhe air cionnas go raibh sé i gcomhnaidhe 'n-a shuidhe i chois na teineadh agus a ladhara sáithte sa luaith aige.
Lá amháin bhí a mháthair ag gabhail 'un aonaigh le dúisín stocai fá choinne iad a dhíol agus dubhairt Seaghan go rachadh seisean 'un aonaigh leobhtha, ann a háit. Thug an mháthair do na stocaí agus bhóg sé leis agus an beairtín faoi na ascaill aige.
Chuaidh Seaghan isteach 'un aonaigh agus bhog leis suas an t-sráid go dtáinic sé go dtí ionad an mhargaidh. Casadh trí fhear uasal air agus chuir siad ceist air caidé a gnoithe 'un aonaigh agus d'innis sé daobhtha go raibh sé ag dúil leis an bheairtín stocaí a bhí faoi na ascaill a dhíol.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall