Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceist orra cá mhéad a thug siad orra agus d'innis siad daobhtha. Thoisig na mná annsin go dtug siad bail na madadh orra ná bhí teangaidh ag gach mnaoi aca a bhainfeadh an croiceann de dhearnaid agus dubhairt siad leo go ndeanfadh siad-san iad ar dhá scilling chan é amháin trí chéad punt.
D'imthigh an triúr leo annsin ag tarraingt ar theach Sheaghain na Luath Buidhe. Ach char chríonna an cat na an coimeadaidhe, chonnaic Seaghan iad ag teacht agus bhí fhios aige caidé a ngnoithe. D'imthigh sé amach agus fuair sé greim ar dhá éan bheaga a bhí cosamhail le chéile.
Tháinic sé isteach agus an dá éan leis agus thug sé ceann aca do n-a mháthair agus chongbhuigh sé fhéin an ceann eile, agus d'imthigh sé amach faoi an fhuinneóig. "Agus", ar sé le 'n-a mháthair, "nuair a thiocfas siad agus chuirfeas siad ceist ort cá bhfuil mise abair leo go bhfuil mé amuigh ar an t-sliabh ach go gcuirfidh tusa an t-éan seo amach ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall