Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 323
- XML “An Bhean Shantach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a ghabhail chuig an iasc arais agus iarraidh air í a chur ós cionn na greine, agus na gealaighe agus na réalt.
Ghluais an fear leis ná bhí eagla air í dhiúltadh agus níor stad sé go dtáinic sé go dtí an cladach. Má bhí uisce na fairrge salach agus dorcha a roimhe, bhí sé dhá uair comh dorcha agus comh salach anois. Bhí sé de'n bharramhail nach mbéadh maith ar bith de scairtigh ar an iasc ach fríd an iomlán scairt sé agus tháinic an t-iasc chuige.
"Caidé tá dhith uirri anois?" ars' an t-iasc.
"Tá," ars' an fear, "dubhairt sí liom nuair a d'fhág mé an baile nach mbéadh sí sásta go mbéadh sí ós cionn na gréine, na gealaighe agus na réalt".
"D'iarr sí agus fuair sí", ars' an t-iasc, "ach d'iarr sí barraidheacht fá dheireadh. Gabh thusa 'n-a bhaile anois, agus gheobhaidh tú do bhean 'n-a comhaidhe sa bhóthóig bheag a raibh sibh inur gcomhnaidhe ann ar dtús."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall