Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do a ghabhail ar a ceithre buinn le fághail isteach. Ní raibh istigh sa bhóthóig ach sean-dhuine críon, caithte, uan caora agus cailín óg. D'iarr siad fascadh a[n] toighe go maidín. Dubhairt an sean-dhui[ne] nach raibh áit ag duine ar bith annseo ach iad fhéin. Dubhairt siad-san nach rachadh siad amach go maidín, bíodh sé sásta ná mío-shásta.
Shuigh siad thart i chois na teineadh agus thoisigh an comhrádh. Bhí an t-uan scaoilte ar fud an toighe agus ní raibh suaimhneas le fághail aca uaidh. Chuir Fionn ceist ar an t-sean-dhuine caidé ba' chiall de'n uan bheith scaoilte fríd a' teach.
"Ceangal thusa é", ars' an sean-duine, "má's olc leat é bheith scaoilte."
"Éirigh, a Ghoill", arsa Fionn, "agus cuir an t-uan sa nasc".
D'éirigh Goll de léim 'n-a sheasamh agus bheir sé greim droma ar an uan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Feidhlimidh Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall