Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teachtaire as na Flaithis
Sean-lánamhain a ba iad agus ní raibh de theaghlach acu ach aon mhac amháin agus Croidhean a b'ainm dó. Bhuail breóidheacht Croidhean bocht agus ní raibh sé i bhfad ar éileamh go bhfuair sé bás. Bhí an tsean-lánamhain iongantach buadhartha 'na dhiadh mar ní raibh mar cuideachta acu ach é.
Go gearr moraidh Croidhean a chur bhí an sean-dhuine amuigh sa pháirc ag obair agus bhí an tseanbhean i mbun a gnoise sa teach. Tar éis obair an toighe a bheith críochnaighthe aici suidh sí a chois na teineadh agus í ag mairgnaigh fá na mac muirneach. Le sin isteach le bustail cruaidh gasra ar an doras. D'éirigh an tseanbhean agus thug sí cathaoir dó agus d'iarr ar suidhe.
"An dtáinig tú i bhfad indin??" Ar sise
"Go díreach anuas annsin" ar seisean
"Cá h-áit anuas?" Ar sise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall