Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chuaidh an rí agus a mhac isteach 'un na bainfheise bhí lúthghair agus fáilte fá na gcoinne ach nuair a chonnaic an cailín óg iad dubhairt sí nár bh'é sin an fear a throid ar a son.
"Ó, bó, bó," ars' an rí, "caidé tá ag teacht ort, indiaidh é cúigear fear a mharbhughadh indiu? Tá tú ag rádh anois nach bhfuil tú ag gabhail a phósadh an fhir sin."
"Ní'l," ar' sise, "ní rachaidh mo mhéar sealán go brathach leis, ná ní sin an fear a throid ar mo shon-sa, ar cor a' bith; ná an solas agus an loinéir a bhí ann dhá shúil an fhir a bhí ag troid ní'l siad ann a shúla sin ar chor a' bith.
Chuir an rí ceist ar 'acha'n duine, annsin ar fhág siad duine ar bith 'n-a n-diaidh sa bhaile. Dubhairt gach duine nár fhág. Chuir sé ceist ar an rígh seo eile ar fhág seisean duine ar bith 'n-a dhiaidh sa bhaile agus dubhairt sé gur fhág sé buachaill 'n-a dhiaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall