Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 365

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 365

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 365
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a chuaidh an rí agus a mhac isteach 'un na bainfheise bhí lúthghair agus fáilte fá na gcoinne ach nuair a chonnaic an cailín óg iad dubhairt sí nár bh'é sin an fear a throid ar a son.
    "Ó, bó, bó," ars' an rí, "caidé tá ag teacht ort, indiaidh é cúigear fear a mharbhughadh indiu? Tá tú ag rádh anois nach bhfuil tú ag gabhail a phósadh an fhir sin."
    "Ní'l," ar' sise, "ní rachaidh mo mhéar sealán go brathach leis, ná ní sin an fear a throid ar mo shon-sa, ar cor a' bith; ná an solas agus an loinéir a bhí ann dhá shúil an fhir a bhí ag troid ní'l siad ann a shúla sin ar chor a' bith.
    Chuir an rí ceist ar 'acha'n duine, annsin ar fhág siad duine ar bith 'n-a n-diaidh sa bhaile. Dubhairt gach duine nár fhág. Chuir sé ceist ar an rígh seo eile ar fhág seisean duine ar bith 'n-a dhiaidh sa bhaile agus dubhairt sé gur fhág sé buachaill 'n-a dhiaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall