Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 379
- XML “An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus nuair a tháinic sí fhad leis an chladach léim bean ghlas amach aisti. Tháinic sí aníos go dtí an teach agus bhuail sí isteach.
Nuair a bhí sí tamall istigh agus giota comhráidh deanta aca, tharraing an bhean paca cárdaí amach as a póca agus thoisigh an imirt. Dubhairt sí dá mbainfeadh sise an cluiche go gcaithfeadh sé í a chuartughadh go cionn lae agus bliadna agus mar bhfuigheadh sí [!] í roimh an am sin go gcaillfeadh sé a cheann. D'imir siad ar feadh tamaill agus bhain an bhean ghlas an cluiche, agus nuair a bhain, rinn sí ar an bhád, d'árduigh a cuid seolta agus d'imthigh 'n-a fairrge.
Annsin d'imthigh an stocach 'n-a bhaile chuig a mháthair agus d'innis sé dithe caidé na geasa a bhí air. Ar maidín lá tar na barach, bhí sé 'n-a shuidhe le scairt an choiligh agus d'imthigh sé a chuartughadh na mná glaise. Le tuitim na hoidhche tháinic sé fhad le teach beag a raibh bun cleite amach agus bárr cleithe isteach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 39
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall