Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 386](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_386.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 386
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 386
- XML “Mac na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh Seaghan leis annsin i mbéal chinn agus dubhairt sé le n-a máthair ag imtheacht do nach bpillfeadh sé go gcastaoi mná air a bhí comh hamaideach leithe Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh scaifte mór mná air agus iad timcheall toighe ag iarraidh an teach a thionntughadh tart, nó b[hí] an ghaoth sa doras. Tháinic Seaghan fhad leo agus chuir ceist ortha caidé bhí siad ag iarraidh a dheanamh. D'innis siad do.
"Nach bhfuil dhá dhoras ar an teach?" arsa Seaghan, "agus ó thárla go bhfuil mholfainn dhaoibh doras na gaoithe a dhruid agus doras an fhascaidh a fhosgladh".
Rinn siad mar d'iarr Seaghan ortha agus ní raibh an gaoth sa doras annsin aca. Fuai[r] Seaghan airgead uatha ar son na comhairle a thug sé daobhtha.
D'imthigh sé leis agus lúthghair air, ach ní dheachaidh sé i bhfad eile go bhfacaidh sé scaifte mór daoine agus iad ag iarraidh bó a chur suas i mullach toighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Somhairle Mac Giolla Chluig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall