School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)luaithe a fuair an cat istigh é, ná fuair sé greim ar an mhála, mharbhuigh sé an coinín, agus thug sé leis é go caislean an ríogh.
D'iarr sé cead cainnte leis an rígh agus fuair sé sin. Nuair a tháinic sé i láthair an ríogh dubhairt sé leis gur seo pronntanas ó 'n-a mháighistir, Tíghearna na nDúmhchán, "agus d'iarr sé orm a theacht annso agus a thabhairt duit."
"Abair le do mháighistir, Tighearna na nDúmhchán, go bhfuil mé iongantach buidheach do" ars' an rí, "agus go bhfuil súil agam go bhfeicfidh mé níos fearr díolta é."
Lá eile d'imthigh an cat agus chuaidh sé isteach i bpáirc chruithneachta agus bheir sé ar dhá éan, an dóigh chéadna ar bheir sé ar an choinín. D'imthigh sé chuig an rígh agus thug sé do iad agus dubhairt gur b'é Tighearna na nDúmhchán a chur chuige iad. Bhí an rí iongantach buidheach do Thighearna na nDúmhchán agus d'órduigh sé a sháith a thabhairt le hithe dó'n chat.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall