Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtáinic an cat go dtí caislean mór a bhí ann a raibh fathach 'n-a chomhnaidhe ann. Bhuail an cat an doras agus leigeadh isteach é. Dubhairt sé leis an fhathach go raibh sé ag gabhail thart ag siubhal, agus nár mhaith leis gan buaileadh isteach chuige agus tamall comhráidh a bheith aige leis. Thug an fathach buidheachas mór do, agus fuair sé a sháith le hithe agus le hól.
Dubhairt an cat leis gur chualaidh sé go minic go raibh sé ábalta gach ar bith 'ar mhian leis a deanamh de fhéin.
"Ta", ars' an fathach, "agus fan go bhfeicfidh tú", agus le sin féin, rinn sé leomhan mór de fhéin, agus nuair a chonnaic an cat é i gcrochaidheacht leomhain, thug sé léim suas anns na creataí, ná bhí sé - an leomhan - comh mór agus comh láidir go scannróchadh duine ar bith roimhe, chan é amháin cat.
Tháinic an fathach 'n-a chosamhlacht fhéin arais agus tháinic an cat anuas as na creataí
"Ó", ars' an cat, "is furast do fhathach mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall