Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 405
- XML “An Cailín Falsa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Cailín Fallsa.Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí inghean amháin aici. Bhí an inghean iongantach fallsa agus ní dheanfadh sí obair ar bith do n-a máthair. Is minic a bhíodh fearg ar an mháthair leithe.
Lá amháin bhain sí slat agus bhuail sí go maith í. Thoisigh sí a chaoineadh go hárd agus bhí ann a ceann. Cé bhí ag gabhail thart anns an am ach mac an ríogh ag marcaidheacht ar dhruim capaill. Chualaidh sé an cailín ag caoineadh agus chuir sé ceist ar an mhnaoi caidé bhí cearr leithe. Níor mhaith leis an mháthair droch ainm a thabhairt do'n chailín cionnas nach raibh aici ach í.
"Tá", ar' sise "ní thig liom tabhairt uirri stad ó obair agus b'éigean do í bhualadh go maith"
"Ó", arsa mac an ríogh, "sin an seort cailín atá dhith ar mo mháthair. Bhearfaidh mé liom 'n-a bhaile í, agus má bhíonn mo mháthair sásta leithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall