Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 408
- XML “An Cailín Falsa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailín a chaoineadh. Le sin tháinic bean bheag isteach ar an fhuinneóig agus lámh iongantach mhór uirri.
"Cad tuighe a bhfuil tú ag caoineadh?" ar' sise leis an chailín.
"Ní thig liom an fhígheadóireacht seo a dheanamh" ars' an cailín.
"Fighfidh mise duit é má thabhaireann tú cuireadh 'n-a bainfheise damh", ars' an bhean bheag.
"Bheirfidh agus fáilte," ars' an cailín.
Thoisigh an bhean bheag a fhígheadóireacht leis an láimh mhóir agus nuair a bhí sé uilig fighte aici, d'imthigh sí amach ar an fhuinneóig.
Nuair a tháinic an bhainríoghain fhad leithe an dara lá fá choinne í thabhairt chuig a dinnear bhí iongantas uirri go raibh an obair críochnuighthe.
"Is tú an cailín is fearr i nÉirinn," ar' sise leis an chailín.
Lá thar na bharach thug sí isteach i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall