School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 410

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 410
  3. XML “An Cailín Falsa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhainríoghain. "Is tusa an bhean atá i ndán do mo mhac agus pósfar an bheirt agaibh seachtmhain ó indiú".
    Lá thar na bharach cuireadh cuireadh amach annsoir íseal a's uasal fá choinne lá na bainfeise. Chuir mach an ríogh ceist ar an chailín ar mhaith leithe cuireadh a thabhairt do dhuine ar bith a raibh aithne aici fhéin air. D'innis sí do fá na sean-mhná agus tugadh cuireadh daobhtha-san mar dhuine. Pósadh an lanamháin agus bhí lá mór aca ar an bhainfheis. Bhí a sháith le hithe agus le hól ag gach duine.
    Bhí na sean-mhná ann agus bhí mac an ríogh ag amharc ortha ar fad agus ag deanamh iongantais daobhtha. Chuir sé ceist ar bhean aca caidé 'n dóigh a bhfuair sí an chos mhór.
    "Bhí mé pósta uair amháin, cosamhail leat fhéin indiu", ar' sise, "agus leoga ní déagh-fhear a bhí ann mo fhear pósta. B'éigean damh-sa a bheith ag sníomh ó d'éireóchainn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Grianna
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Síghle Ní Grianna
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall