Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 419
- XML “Seaghan agus Páidí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt an t-athair leis fá deireadh _ “Caithfidh tú imtheacht amach as an teach seo agus dhfhortún a chruinniughadh duit fhéin. Bheirfidh mé fiche punnta duit agus ní bhéidh a dhath le deanamh agam leat níos mó”.
“Máise”, arsa Páidí, tá sin fhéin dona go leor, glacfaidh mé an t-airgead agus rachaidh mé go Sasain”.
Ghlac sé an t-airgead ó n-a athair agus níor stad sé go raibh sé thall i Sasain. Ní thiocfadh leis obair ar bith a fhaghai agus bhual sé suas le cuideachta cosamhail leis fhéin. Dubhairt siad leis gur cheart do ghabhail go Lonndain go raibh neart oibre le fághail ann. Ní raibh cóistí ar bith i Sasain san am sin agus shiubhail sé go Lonndain.
Nuair a bhí sé ag an bhaile mhór bhí na toighthe brotaite ar an bhóthar. “Rachfaidh mé isteach i gceann aca seo”, arsa Páidí leis fhéin, “go bhfeicfidh mé caidé ‘n cineal biotailte atá ann”.
Chuaidh sé isteach agus scairt sé ar phionnta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Donnchadh Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 44
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall