Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 429

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 429

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 429
  3. XML “Mo Bhaile Beag Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    * (2) A Dhia, go moltar a choidhche,
    Do thoil a thug mise ‘un siubhail.
    A’s d’fhág mé gan suaimhneas na hoidhche
    Mo dheoraidhe gan amharc na súil.
    (4) A’s annsin a bá mhaith liom mo bheatha
    A chathadh i ngleann seo na ndeor.
    A’s ní iarrfainn de sháidhbhreas a choidhche
    Ach aon phóg amháin ó mo stóir.
    Tá sé cheathramhadh dhéag anns na Rosa,
    Agus sé mhíle dhéag ar gach taoibh;
    Tá sléibhte agus gleanntain Thír Chonaill,
    Mar ghárda ar Rosa na Naomh.
    Tá teanga bhinn uasal ar sinnsear
    Faoi mheas a’s faoi bláth ann go fóill,
    As guth binn na gceoltar le cluinstin
    Sna bádaí ar an bháige faoi sheol.
    Slán leat, a thír bhreagh na Rosa
    Do shléibhte, a’s do ghleanntain go fíor.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall