Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ó, a Mhuire ‘gus a rí, nach mairg oraibh bíos,
I dtoiseach a t-saoghail le pléisiúr,
nó i ngiorracht gur a bíos an tinneas a do chlaoidh
‘gus a’ tarraingt ar na críocha deireannach’
Níl sé ar an domhan níd ar bith níos mó
Ná an péacadh is mó dá ndéantar
Ná’n mhaighdean dheas óg, a mhealladh le do phóig
‘gus a fhágáil faoi bhrón ‘n-a dhiaidh sin.Dá mbéidhinn-se thall sa Spáinn, mo luighe ar leabaidh bháis
Agus cluinim-se do ghlór i nÉirinn,
Go n-éirochainn go sáimh, leis an bhradán ar an tsnámh
I nduibheagán i lár na hÉirne,
Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go bráthach
Go bhfághaidh mise scríobhtha i mBéarla é,
Nó gur chaith mé naoi lá, ag cleasaidheacht leis an bhás,
Nó gur bhain mé duit spás ar éigin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seosamh Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 29
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall