Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 435

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 435

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 435
  3. XML “Cnoc a' Déaraigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sé sin ar Cnoc a’ Déaraigh
    Go hárd ós cionn an ghleann’
    Is iomaidh tráthnóna samhraidh
    A chaith mé ar a Bhárr.
    A’s ba’ deas a d’amharc a’ Mhucais
    I bhfad thoir ós cionn Ghaoth Dobhair.
    Nach áluinn a bheith sa t-samhradh
    Go hárd ar bhárr a t-sléibh’,
    Ag breathnughadh amach ar Thorraigh
    Ar Ghábla agus Inis Fraoich.
    Ó sin ó thuaidh go Árann Mhóir
    n-áit a mbíonn bádaí dul fá sheol
    Tá sé ar amharc go haoibhneach
    Agus chonnaic mé go fóill.
    Mar an gcéadna tá amharc eile ann
    Agus bhrisfeadh sé do chroidhe’
    Sé sin ar an chnoc chéadna
    Ag amharc amach ar Inis Fraoich,
    Ag coimead ar na longaibh
    Ag seoladh siar ó thuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eoghan Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rann na Móna, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    61
    Seoladh
    Rann na Móna, Co. Dhún na nGall