Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fear a Bhí gan Léine.Bhí fear 'n-a chomhnaidhe fá na híochtáir annso, fad ó shoin agus bhí sé iongantach sáidhbhir. Ach má bhí sé sáidhbhir fhéin, níor shábhail sin é. Bhuail breoidheacht [!] an duine bocht agus bhí sé go hiongantach olc. Cuireadh duine fá choinne an doctúra, ach ní raibh sé sin ábalta a dhath a dheanamh do. Fuarthas doctúir eile, agus ceann eile, ach is amhlaidh mar bhí sé ní raibh fear ar bith aca ábalta a dhath a deanamh do'n fhear a bhí ag éileamh.
Bhí doctúir eile anns an cheanntair agus cuireadh scéala fá n-a choinne, agus tháinic sé. D'amharc sé ar an fhear a bhí 'n-a luighe. Nuair a bhí sé tamall dhá bhreathnughadh dubhairt sé nach raibh dadaidh ar an domhan le n-a léigheas ach aon rud amháin; sé sin, dá bhfuigheadh sé léine ó fhear nach raibh a dhath ag cur buadhartha air agus oidhche a chodladh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoghan Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Duibheannaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall