Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 444
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-aifrionn mar ba’ cheart”, ars’ an fear uasal agus dubhairt an fear go raibh.
“Má’s” mar sin atá”, ars’ an duine uasal, “bheirfidh mise obair duit go cionn sheacht mbliadhan, má théidhinn tú liom”, agus dubhairt an t-oibridhe leis go rachadh “ach” ar’ seisean, “caithfidh mé ghabhail ‘n-a bhaile chuig mo mhnaoi ar tús agus innse dithe go bhfuil mé ag gabhail leat-sa go cionn sheacht mbliadhan”, agus dubhairt an fear uasal go ndeanfadh sin gnoithe.
Annsin d’innis an fear uasal do n-a mhnaoi fhéin, go raibh an fear bocht ag gabhail ‘n-a bhaile chuig a mhnaoi, agus go raibh seisean ag gabhail leis, go n-innseochadh sé do n-a mhnaoi go raibh margadh sheacht mbliadhan deanta aige.
D’imthigh an bheirt leo annsin agus níor stad siad go raibh siad ag teach an duine bhoicht agus d’innis seisean do n-a mhnaoi go raibh sé ag gabhail ar fastadh go cionn sheacht mbliadhan chuig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caith Ní Gallcobair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall