Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 448
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)libh codladh ann go maidín” ars’ an sean-dhuine.
Thug siad buidheachas do agus d’imthigh siad go dtí an lafta. Smaointigh an fear bocht ar an chomhairle a thuh an fear uasal do ná codluigh oidhche i dteach a mbéidh cailín óg pósta ar shean-dhuine - agus d’imthigh sé amach agus chuaidh isteach i gcruaich fhéir a bhí ar chúl an toighe. Fá dheireadh chualaidh sé an chainnt ag tarraingt air, ach d’fhan sé san áit a raibh sé. Nuair a tháinic siad go dtí an chruaich, cé bhí ann do bharramhail ach an cailín óg a bhí sa teach a raibh an triúr fear ar lóistín ann agus fear eile leithe.
Dubhairt an cailín gur b’é anocht an oidhche leis an t-sean-dhuine a mharbhughadh, agus dubhairt an fear gur bh’é. Nuair a chualaidh an fear a bhí sa chruaich an chainnt seo, bhí seosúr beag ann a phóca, thug sé amach é agus ghearr giota beag as cóta an fhir a bhí ag gabhail a mharbhughadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caith Ní Gallcobair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall